Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.
2 Ríthe 23:30 - An Bíobla Naofa 1981 Thug a shearbhóntaí a chorp i gcarbad leo ó Mhigideo, agus thugadar é go Iarúsailéim, agus chuireadar é ina thuama féin. Agus thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinneadar é a ungadh agus a fhógairt ina rí i gcomharbacht ar a athair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus rugadar a mhuinntir leó é a ccarbad, marbh ó Mhegiddo, agus thugadar go Hierusalem é, agus do adhlaiceadar é iona thuama féin. Agus do ghlacadar daóine na tíre Iehoahas mac Iosiah, agus dó ungadar é, agus do rinneadar rígh dhe a nait a athar. |
Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.
Ach mharaigh muintir na tuaithe gach duine a rinne comhcheilg in aghaidh an rí Ámón, agus d'fhógair siad Ióisíá a mhac ina rí ina dhiaidh.
Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.’ ” Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí.
Thug a shearbhóntaí i gcarbad é go Iarúsailéim agus chuireadar ina thuama lena shinsir é i nDúnfort Dháiví.
Nuair a bhí gach ní a bhain le cóiriú an Teampaill curtha i gcrích ag Ióisíá, ghabh Neaco rí na hÉigipte suas chun troid ag Cairceimis ar bhruach an Eofrataes. Nuair a ghluais Ióisíá amach le bac a chur air,
Thóg a lucht leanúna amach as a charbad féin é agus chuir i gceann eile é agus thug ar ais go Iarúsailéim é, mar a bhfuair sé bás, agus adhlacadh é i dtuamaí a shinsear. Chaoin Iúdá agus Iarúsailéim go léir Ióisíá.
Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.
“Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: ‘Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó