Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í.
2 Ríthe 23:12 - An Bíobla Naofa 1981 Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus na haltora do bhí a mullach séomra úachdaruigh Ahas, noch do rinneadar ríghthe Iúdah, agus na haltóra do rinne Manasseh a ndá chúirt thigh an TIGHEARNA, do réub an rígh, agus do bhris síos as sin íad, agus do chaith a lúaithreadh a nabhuinn Cídron. |
Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í.
Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “In Iarúsailéim a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm.”
Thug an rí ordú don ardsagart Hilcíá, [don leasardsagart], agus do ghardaí na tairsí, na soithí a rinneadh do Bhál, d'Aiséará agus do shluaite uile na spéire a chur amach as Teampall an Tiarna; agus dhóigh sé iad lasmuigh de Iarúsailéim i ngoirt an Chidreon, agus thug a luaithreach go Béitéil.
Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.
Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon.
Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t‑íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad.
Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”
Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”
Agus sínfidh mé amach mo lámh in aghaidh Iúdá agus áitritheoirí uile Iarúsailéim, agus scuabfaidh mé chun siúil gach rian de Bhál as an áit seo, mar aon le hainmneacha a sheirbhíseach agus a shagart
iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom
Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.