2 Ríthe 22:10 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin d'inis Seáfán, an rúnaí, don rí: “Tá Hilcíá, an sagart, tar éis leabhar a bhronnadh orm,” agus léigh Seáfán os ard i láthair an rí é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thaisbeín Saphan an scribhneóir don rígh, gha rádh, Thug Hilciah an sagart leabhar dhamhsa. Agus do léigh Saphan é a lathair an rígh. |
Chuaigh Seáfán an rúnaí go dtí an rí agus seo mar a d'aithris sé dó: “Rinne do shearbhóntaí,” ar seisean, “an t‑airgead a bhí sa Teampall a leá, agus thug siad é do na saoistí ar na hoibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna.”
Ansin dúirt Seáfán an rúnaí leis an rí: “Thug Hilcíá an sagart leabhar dom,” agus léigh Seáfán sliocht as i láthair an rí.
Bhíodar ag léamh as leabhar Mhaois don phobal um an dtaca sin agus fuair siad scríofa ann: “Ní bheidh cead isteach go deo i gcomhthionól Dé ag an Amónach ná ag an Móábach
Lá i ndiaidh an lae ó thús deireadh, léadh Eazrá sleachta as leabhar dhlí Dé. Cheiliúir siad an fhéile ar feadh seacht lá, agus ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta de réir mar a bhí ordaithe.
Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.
Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.
Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair: “Suígí in áit níos ísle, mar gur thit anuas díbh coróin bhur nglóire.”
D'inis Miocáia dóibh na briathra uile dár chuala sé nuair a léigh Barúch an scrolla in éisteacht an phobail.
“Suigh síos,” ar siad, “agus léigh amach dúinne é.” Léigh Barúch é mar sin dóibh.
Chuir an rí Iahúidí faoi dhéin an scrolla agus rug seisean leis é as seomra Eilíseámá an rúnaí, agus léigh amach don rí é agus do na feidhmeannaigh uile agus iad ina seasamh timpeall an rí.
ar an ábhar sin imigh thusa agus léigh as an scrolla a scríobh tú ó mo bhéalsa, briathra uile an Tiarna in éisteacht an phobail i dTeampall an Tiarna lá an troscaidh; léigh freisin iad in éisteacht mhuintir Iúdá uile a thagann as na bailte.