2 Ríthe 2:2 - An Bíobla Naofa 1981 agus dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.” Ach d'fhreagair Eilíseá: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar síos go Béitéil. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Elias re Helisa, Guidhim thú, fan annso; óir do chuir an TIGHEARNA misi go Bétel. Agus a dubhairt Elisa ris, Mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanumsa, ní fhúigfidh mé thú. Marsin do chuádar siós go Bétel. |
Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”
Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d'aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.
Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: “Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!”
Dúirt Éilias leis: “Fan anseo, a Eilíseá, le do thoil, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Ireachó.” Ach d'fhreagair sé: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar ar aghaidh go Ireachó.
Dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.” D'fhreagair sé áfach: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.” Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile.
Ansin dúirt máthair an linbh: “Dar an Tiarna beo agus dar do bheo féin, ní imeoidh mé uait.” Agus d'éirigh sé dá bhrí sin agus lean í.
Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”
Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.
Dúirt sí “A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna.
Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: “A Aibnéar, cé leis an t‑ógánach seo?” “Dar do bheo, a rí,” arsa Aibnéar, “nach eol dom.”
Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.