Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.
2 Ríthe 15:32 - An Bíobla Naofa 1981 Sa dara bliain de réimeas Pheacach mac Ramailiá rí Iosrael tháinig Iótám mac Uizíá i gcoróin ar Iúdá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Annsa dara blíadhuin do Phecah mhac Remaliah rígh Israel do thosuigh Iótam mac Ussiah rígh Iúdah a ríghe. |
Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.
Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá.
Thánig Sealúm mac Iáibéis i gcoróin sa naoú bliain tríochad de réimeas Uizíá rí Iúdá agus bhí sé mí i gcoróin sa tSamáir.
Sa naoú bliain tríochad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Manachaem mac Gháidí i gcoróin ar Iosrael. Bhí sé deich mbliana i réim sa tSamáir.
Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim.
Sa dara bliain caogad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Peacach mac Ramailiá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir; agus bhí sé fiche bliain i réim.
Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).
An chuid eile de stair Pheacach, agus a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Bhí sé cúig bliana fichead d'aois nuair a thánig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúiseá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair.
Ach leag an Tiarna a lámh ar an rí agus rinneadh lobhar de go lá a bháis, agus mhair sé i dteach leis féin. Bhí Iótám, mac an rí, i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar an tír.
Ansin chuaigh Azairiá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i nDúnfort Dháiví, agus tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.
Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.
Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.
Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.