Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 15:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 ¶ Agus déirigh Hosea mac Elah a naghaidh Phecah mhic Remaliah, agus do bhúail sé é, agus do mharbh é, agus do bhí féin na rígh na aít, annsa bhfithchiodmhadh blíadhuin do Iótam mac Ussiah.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 15:30
15 Tagairtí Cros  

Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh.


Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.


I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


An chuid eile de stair Pheacach, agus a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


Sa seachtú bliain déag de réimeas Pheacach mac Ramailiá thánig Áchaz mac Iótám i gcoróin ar Iúdá.


Sa dara bliain déag de réimeas Áchaz rí Iúdá tháinig Hóiséa mac Éalá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir agus bhí sé naoi mbliana i réim.


Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.


Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.


“As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá,


Tarraingeoidh Béit Éil an íde chéanna oraibhse, in éiric bhur mioscaise gan teorainn. Le lonradh lae léirscriosfar rí Iosrael.


Go deimhin déarfaidh siad ansin: “Níl aon rí againn (mar ní eagal linn an Tiarna).” Ach cad d'fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son?


Díothófar an tSamáir agus a rí, agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí