¶ Annsa seachdmhadh blíadhuin déug ar fhithchid do Ioas rígh Iúdah do thosuigh Iehoas mac Iehoahas a ríghe ós cionn Israel a Samaria, agus do ríoghaidh sé blíadhna déug.
Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”
Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.
Tharla sin de réir mar a gheáll an Tiarna do Iéahú: “Beidh do chlann mhac ina suí i ríchathaoir Iosrael go dtí an ceathrú glúin.” Agus is mar sin a bhí.