2 Ríthe 12:2 - An Bíobla Naofa 1981 Rinneadh rí de Ióáis sa seachtú bliain de réimeas Iéahú, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinne Iehoas an ní fá cheart a radharc an TIGHEARNA ar feadh láetheadh a sháoghail iona raibh Iehoiada an sagart dá mhúnadh. |
Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc.
Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.
Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus a shinsear Dáiví. Rinne sé aithris ar a athair Ióáis i ngach slí.
Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna an dá lá dhéag agus an fad a mhair Iahóideá an sagart.
Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a athair Amaiziá.