An chuid eile de stair Sholaimh, a imeachtaí go léir, agus a eagna - nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Ghníomhartha Sholaimh.
2 Ríthe 12:19 - An Bíobla Naofa 1981 Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus an chuid oile do ghníomhuibh Ioas, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar chroinice ríogh Iúdah? |
An chuid eile de stair Sholaimh, a imeachtaí go léir, agus a eagna - nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Ghníomhartha Sholaimh.
An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:
Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d'ionsaí ar Iarúsailéim.
An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
Thóg Áchaz a raibh d'airgead agus d'ór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre.
Agus thug Hiziciá a raibh d'airgead i dTeampall an Tiarna agus i gcistí phálás an rí dó.
Ansin is ea a bhain Hiziciá an t‑ór de chomhlaí agus d'ursaineacha Theampall an Tiarna, an t‑ór a chuir (Hiziciá) rí Iúdá mar chumhdach orthu, agus thug é do rí na hAsaíre.
An chuid eile de stair Iahórám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?