2 Ríthe 10:8 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: “Thugadar leo,” ar sé, “cinn chlann mhac an rí.” “Fág ina dhá gcarn iad,” ar seisean, “ag an mbealach chun an gheata go maidin.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus tháinic teachdaire, agus dinnis dó, ghá rádh, Thugadar leó cinn mhac an righ. Agus a dubhairt seision, Cuirigh an ndá chárnan iad a ndul a steach an gheata go ttí maidin. |
Nuair a shroich an litir sin iad, thógadar clann mhac an rí agus chuireadar chun báis iad, an deichniúr agus trí fichid go léir, agus chuireadar a gcinn i gciseáin agus sheoladar chuige in Izréil iad.
Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: “Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis?
agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é.
ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú.