Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 21:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: “Maraíodh Nábót le clocha!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Ann sin do chuireadar teachda go Iesebel, gha rádh, Do clochadh Nábot, agus déug sé.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 21:14
6 Tagairtí Cros  

Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.


Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: “Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!”


Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: “Thugadar leo,” ar sé, “cinn chlann mhac an rí.” “Fág ina dhá gcarn iad,” ar seisean, “ag an mbealach chun an gheata go maidin.”


Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.


Seo baois a tharlaíonn ar talamh: tá daoine ionraice ann a gcaitear leo faoi mar ba dhrochdhaoine iad agus tá drochdhaoine ann a gcaitear leo faoi mar ba dhaoine ionraice iad. Deirimse gur baois is ea é seo go deimhin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí