Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.
2 Ríthe 10:35 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuaigh Iéahú chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa tSamáir; tháinig a mhac Iahóácház i gcomharbacht air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do choduil Iehu a bhfochair a aithreadh: agus do hadhlaiceadh a Samária é. Agus do ríoghadh Iehoahas a mhac iona ait. |
Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.
Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”
Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.
Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví; agus tháinig a mhac Aibíám i gcomharbacht air.
Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.
Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”
An chuid eile de stair Iéahú, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.
Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.