“Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh,
2 Ríthe 10:3 - An Bíobla Naofa 1981 toghaigí an té is fearr agus is cumasaí de chlann mhac bhur máistir, agus cuirigí i ríchathaoir a athar é, agus troidigí ar son ríshliocht bhur máistir.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuchuidh amach an mac is féarr agus is iomchubhaidh do chloinn bhur maighistir, agus cuirigh a ccathaóir ríogha a athar é, agus troidigh ar son tighe bhur maighistir. |
“Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh,
Bhuail scéin agus scanradh iad. “Féach,” ar siad, “níor fhéad an dá rí an fód a sheasamh ina aghaidh, agus conas a d'fhéadfaimisne, más ea?”
D'fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”
Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”
Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d'fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D'ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.