2 Ríthe 10:21 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir Iéahú teachtairí ar fud Iosrael agus tháinig lucht adhartha Bhál go léir, agus níor fhan oiread agus duine gan teacht. Isteach leo i dteampall Bhál agus líonadh teampall Bhál ó cheann ceann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dó chuir Iehu fios ar feadh Israel uile: agus thangadar luchd adhartha Bhaal uile, iondus nár fágbhadh duine nach ttáinic. Agus thangadar go tigh Bhaal; agus do bhí tigh Bhaal líonta ó chionn go chéile. |
Ansin dúirt Iéahú le coimeádaí na n‑éidí: “Tabhair amach na héidí do lucht adhartha Bhál go léir,” agus thug sé amach na héidí dóibh.
Ansin chuaigh muintir na tuaithe go léir go teampall Bhál agus scrios siad é; rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí. Agus chuir an sagart fir faire ar garda ar Theampall an Tiarna.
An uair sin doirtfidh mé mo spiorad fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.
Bhí an teach lán d'fhir agus de mhná; bhí taoisigh uile na bhFilistíneach ann, agus bhí timpeall trí mhíle fear agus bean ag faire ón díon ar Shamsón ag déanamh cleas.