2 Ríthe 10:20 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt Iéahú: “Cruinnigí tionól naofa do Bhál!” Agus thugadar fógra cruinnithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iehu, Fúagruighe oireachdus sollamanta do Bhaal. Agus dfúagradarsan é. |
Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”
Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: “Lá féile don Tiarna an lá amárach!”
Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta! Bailígí le chéile, a sheanóirí, áitritheoirí uile na tíre, isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.