“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: “Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?” “Cosúil leat féin,” ar siad; “ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.”
“Cén dealramh atá air?” ar sé léi. “Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.” Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d'umhlaigh dó.