déanadh an sagart an rud loite a iniúchadh tar éis a nite. Mura ndeachaigh aon athrú ar dhath an bhaill loite, fág nár leath an galar, tá sé neamhghlan; dóigh é sa tine; tá an galar go feirc ann, cibé acu istigh nó amuigh an lot ann.”
2 Peadar 1:9 - An Bíobla Naofa 1981 An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach an té nach mbíonn na tréithe seo aige is é an dall caochshúileach é a lig chun dearmaid gur glanadh a sheanpheacaí de. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir an té go bhfuil na neithe seo i n‐easnamh air, atá sé gearr‐radharcach; ní fheiceann sé éinnidh nach bhfuil i ngar dó, agus atá sé g‐á dhearmad gur glanadh é ó na shean‐pheacaidhibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír an tí atá gan na neithese aige atá sé dall, agus ní léir dhó ní ar bith a bhfad úadh, ar na dhearmud dó gur glanadh é ó na sheanpheacuighibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí. |
déanadh an sagart an rud loite a iniúchadh tar éis a nite. Mura ndeachaigh aon athrú ar dhath an bhaill loite, fág nár leath an galar, tá sé neamhghlan; dóigh é sa tine; tá an galar go feirc ann, cibé acu istigh nó amuigh an lot ann.”
Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”
Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”
Ar an gcuma chéanná ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.
Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.
Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.
Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.
Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéileach, bocht, dall, gan éadach.