Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái, Agus labhair tú leo ó na flaithis. Thug tú dóibh treoracha córa, Dlíthe cinnte, Reachtanna agus aitheanta maithe.
1 Tiomóid 1:8 - An Bíobla Naofa 1981 Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois tá a fhios againn an feabhas atá sa dlí, ach duine an fheidhm cheart a bhaint as, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht atá a fhios againne go bhfuil an dlighe maith, má bhaineann duine fóghnamh as go dlisteanach, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidheadh atá a fhios aguinne gur maith an dligheadh, dá leanuidh duine go dlisdeanach é; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as |
Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái, Agus labhair tú leo ó na flaithis. Thug tú dóibh treoracha córa, Dlíthe cinnte, Reachtanna agus aitheanta maithe.
Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta.
Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.
An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre;
Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht.