Chuaigh Aibnéar i gcomhairle le seanóirí Iosrael: “is fada anois sibh,” ar sé, “ag iarraidh Dáiví a bheith ina rí oraibh.
1 Samúéil 8:4 - An Bíobla Naofa 1981 Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do chruinnigheadar s nsir Israel uile íad féin a gcionn a chéile, agus tangadar chum Samuel go Rámah, |
Chuaigh Aibnéar i gcomhairle le seanóirí Iosrael: “is fada anois sibh,” ar sé, “ag iarraidh Dáiví a bheith ina rí oraibh.
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
Dúirt sé le Maois: “Tar aníos go dtí an Tiarna, tú féin agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú, agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael agus sléachtaigí dó ó chéin.
“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;
D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.
Dúirt seanóirí Iáibéis leis: “Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.”
D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.