Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.
1 Samúéil 8:1 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuaigh Samúéil in aois, cheap sé a bheirt mhac ina mbreithiúna ar Iosrael. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a nuáir do bhí Samuel áosta, go ndearna sé breitheamhuin dá mhacaibh ós cionn Israel. |
Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.
I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n‑aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.
Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.
Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.
A lucht falaireachta ar asail chróna, Le diallaití saibhre fúibh, Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre, Canaigí laoi
As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.