Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 5:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n‑aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Is os comhair Dé agus os comhair Íosa Críost agus os comhair na ndea-aingeal a chuirim ort na rialacha seo a choinneáil gan claonadh le taobh ar bith, ná rud ar bith a dhéanamh atá éagothrom.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Cuirim mar athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toghtha, na neithe seo do dhéanamh gan claoin‐bhreith, gan fabhar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Cuírim dúalach ort a bhfíadhnuisi Dé, agus an Tíghearna Iósa Criósd, agus na naingeal toghtha, na neithese choiméud gan suim do bheith agad a neach seach ar oile, gan ní ar bith dhéunamh dhuit go cláon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n-aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 5:21
25 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh an t‑eagnaí na nithe seo dá aire; agus beidh tuiscint aige ar bhuanghrá an Tiarna.


Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí.


Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach, ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.


Ansin leagtar clocha eile in áit na gcloch úd agus plástráiltear brat nua plástair ar an teach.


Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.


Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”


Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.


Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne.


Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra, is nár le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n‑aingeal naofa.


As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.


Ar aghaidh libh ón áit seo, cuirigí chun bealaigh, agus imigí libh go harda na nAmórach, go dtí an mhuintir a chuireann fúthu san Arabá, sna hardáin agus sna hísleáin, sa Neigib agus san fheorainn; isteach libh i dtír Chanán agus sa Liobáin, chomh fada leis an Abhainn Mhór, an Eofrataes.


Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.


Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile.


I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,


Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.


I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht


Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.


Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;


Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.


ólfaidh seisean chomh maith cuid d'fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n‑aingeal naofa agus an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí