Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Samúéil 6:1 - An Bíobla Naofa 1981

Bhí áirc an Tiarna i gcríocha na bhFilistíneach ar feadh seacht mí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do bhí airc an TIGHEARNA a gerích na Bhphilistineach seacht mí.

Féach an chaibidil



1 Samúéil 6:1
6 Tagairtí Cros  

Thug sé a neart i ndaorbhroid agus a dtaibhse i láimh a naimhde.


Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod.


An mhuintir nach bhfuair bás, bhris neascóidí amach orthu agus bhí an liú ón gcathair ag dul suas chun neimhe.


D'éirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. D'ardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é.


Ansin chuir na Filistínigh fios ar a sagairt agus ar a n‑asarlaithe agus d'fhiafraíodar díobh: “Céard a dhéanfaimid le háirc an Tiarna? Insígí dúinn conas í a chur ar ais chun a háite féin!”