D'fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; “An é seo,” ar sé, “an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.”
1 Samúéil 3:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghoir an TIGHEARNA a ris, A Shamuel. Agus déirigh Samuel agus do chuáidh sé go Héli, agus a dubhairt sé, Atáimsi annso; óir do ghoir tú orum. Agus do fhreagair seision, Agus a dubhairt, Níor ghoir misi ort, a mhic; lúigh síos a rís. |
D'fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; “An é seo,” ar sé, “an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.”
Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: “Cibé a tharlóidh,” ar sé le Ióáb, “caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.” “Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.”
Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”
agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D'imigh sé mar sin, agus luigh síos.
Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.
Dúirt an fear le hÉilí: “Tháinig mé ón gcath; theith mé ón gcath inniu.” “Cad a tharla, a mhic?” arsa Éilí.