2 Samúéil 18:22 - An Bíobla Naofa 198122 Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: “Cibé a tharlóidh,” ar sé le Ióáb, “caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.” “Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Ann sin a dubhairt Ahimaas mhac Sádoc fós a ris ré Ióab, Ach gídh bé ar bith é, gúidhim thú, léig dhamh rioth a ndiaigh Chúsi mar an gcéadna. Agus a dubhairt Ioab, Cred as a riothfuidh tusa, a mhic, ó nach bhfuilid scéula réidh agad? Féach an chaibidil |