1 Samúéil 24:2 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a d'fhill Sól ó thóir na bhFilistíneach, dúradh leis: “Tá Dáiví anois i bhfásach Éan Geidí.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin rug Saul leis trí mhile fear toghtha as Israel uile, agus dimthigh ar lorg Dháibhi agus a mhuinntire ar chairgibh na ngabhar bhfiáin. |
An eol duit conas a bheireann an gabhar sléibhe a mheannán? Ar thug tú faoi deara na heilití ag breith?
Na sléibhte is dídean do na gabhair allta; agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.
Caithfear a mbreithiúna go léir le haill; beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.
Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.
Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.
D'fhill Sól dá bhrí sin ón tóir a bhí á dhéanamh aige ar Dháiví agus chuaigh in aghaidh na bhFilistíneach. Sin é an fáth a dtugtar Carraig an Éalaithe ar an áit sin.
D'imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf.