Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 24:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus thainic sé do na tighthibh cáorach láimh ris an tslighe, mar a raibh uáimh; agus do chuáidh Saul a steach dfolach a chos: agus do bhí Dáibhi agus a mhuinntir a ttaobh na húamha.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 24:3
7 Tagairtí Cros  

Caithfear a mbreithiúna go léir le haill; beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.


Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d'fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. “Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,” ar siad leo féin, “atá sé.”


Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.


D'imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf.


Shuigh Sól a champa ar Shliabh Haicíleá atá le hais an bhóthair lastoir de Ieisímeon. Bhí Dáiví ag cur faoi san fhásach faoin am seo agus chonaic sé go raibh Sól ag teacht ansiúd ar a thóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí