Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Samúéil 23:2 - An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé agus cath a chur ar na Filistínigh seo?” D'fhreagair an Tiarna Dáiví: “Téigh agus cuir cath ar na Filistínigh agus fuascail Ceíleá.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Uime sin dfíafruigh Dáibhi don TIGHEARNA, gha rádh, An racha mé agus an mbúailfe mé na Philistinigh? Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Dáibhi, Eirigh agus buail na Philistinigh, agus tárrthuigh Ceilah.

Féach an chaibidil



1 Samúéil 23:2
17 Tagairtí Cros  

Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?” D'fhreagair an Tiarna: “Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna agus d'fhreagair sé: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall ar a gcúl agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim.


Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?” D'fhreagair an Tiarna é: “Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.”


Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort.


Is maith atá a fhios agat, a Thiarna, nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.


Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach - sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.”


Chaith na ceannairí an bia a rinneadar a thairiscint gan comhairle an Tiarna a lorg.


Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: “Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?”


Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna.


Lorg Sól comhairle ar Dhia: “An rachaidh mé síos ar thóir na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú ar láimh d'Iosrael iad?” Ach freagra níor thug sé dó an lá sin.


Ach dúirt lucht leanúna Dháiví leis: “Seo sinne agus scéin orainn anseo in Iúdá. Nach mó go mór a bheidh an scéal amhlaidh má théimid go Ceíleá chun cath a chur ar na Filistínigh?”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”


Nuair a theith Aibíátár mac Aichímeilic go dtí Dáiví, tháinig sé síos go Ceíleá agus éafód ina ghlac.


Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?” D'fhreagair sé: “Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.”