Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Breithiúna 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: “Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois tar éis bháis Iosua tárla, gur fhiafruigheadar clann Israel don TIGHEARNA, dhá radh, Ciá rachus uainn a naghaidh na Gcanaaníteach ar tús, do throid na naghaidh?

Féach an chaibidil Cóip




Breithiúna 1:1
17 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”


Thug Maois freagra ar athair a chéile: “Mar go dtagann an pobal chugam chun a gcásanna a chur faoi bhráid Dé.


Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor.”


Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach - sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.”


Níor dhíbir Manaise lucht Bhéit Seán lena shráidbhailte, ná lucht Thánác lena shráidbhailte, na lucht Dhór lena shráidbhailte, ná lucht Ibleam lena shraidbhailte, na lucht Mhigideo lena shráidbhailte, ach sheas na Canánaigh an fód sna líomatáistí sin.


ní dhéanfaidh mé dá bhrí sin aon cheann de na ciníocha a d'fhág Iósua sa tír nuair a d'éag sé a dhíbirt rompu.”


D'éag Iósua mac Nún, seirbhíseach an Tiarna, agus é céad agus a deich mbliana d'aois.


Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis.


Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”


Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin.


Ansin chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna. Bhí áirc chonradh Dé ansiúd an t‑am sin,


agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D'fhiafraíodar: “Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.”


Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí