D'fhreagair Reúbaen: “Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!”
1 Samúéil 19:4 - An Bíobla Naofa 1981 Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: “Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i d'aghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do labhair Ionatan go maith ar Dháibhi re na athair, agus á dabhairt ris, Ná peacuigheadh an rígh a naghaidh a shearbhfhoghantuighe, a naghaidh Dháibhi; do bhrígh nach ndéarna seison coir ad aghaidhsi, agus do bhrígh gur ro mhaith do bhadar a oibreacha ar do shon: |
D'fhreagair Reúbaen: “Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!”
Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine.
“Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,
Féach! téann siad in oirchill ar m'anam; déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne; gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,
An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith, ní dhíbreoidh sé an t‑olc óna theach.
Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaise ag labhairt ar a son, le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.
Nuair a pheacaíonn sibh in aghaidh bhur mbráithre ar an gcuma sin agus a gcoinsias lag a ghonadh, is in aghaidh Chríost a dhéanann sibh an peaca dáiríre.
An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.
Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?” Ach thugadar an chluas bhodhar dá n‑athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis.
Ansin d'fhreagair Iónátán Sól, a athair: “Cén fáth é a chur chun báis,” ar sé, “céard atá déanta aige?”
D'fhreagair Aichímeilic an rí: “Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach?