1 Samúéil 1:2 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhádar días ban aige; Hannah ainm mhná dhíobh, agus Peninnah ainm na mná oile: agus do bhí clann ag Peninnah, achd ní ráibh clann air bith ag Hannah. |
Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.
Chonaic an Tiarna go raibh faillí á déanamh ar Léá, agus d'oscail sé a broinn, ach d'fhan Ráchael aimrid.
Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.
Dúirt Láimic lena mhná: “A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór! A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil! Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadh agus ógánach de bharr mé a bhualadh.
“Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús.
Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.
Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.
Bhí fear ó Zorá de threibh Dhán darbh ainm Mánóach, agus bhí a bhean aimrid, gan aon chlann uirthi.
Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Gideón, dá shíolrach féin, mar bhí mórán ban aige.