1 Ríthe 7:30 - An Bíobla Naofa 1981 Ar thrasnáin an chreatlaigh bhí leoin, agus tairbh, agus ceiribíní, agus ar bharr an chreatlaigh bhí teannta; thíos faoi na leoin agus na daimh bhí fleasca fiartha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí ag gach ean bhása ceithre roithléin phráis, agus plátadha práis: agus do bhádar ag na ceithre coirnéuluibh iomchuir fútha: fan laibhéir do bhí iomchair leaghtha ag taoibh gach foirlíonta. |
Bhí ceithre roth cré-umha agus ceithre fhearsaid chré-umha faoi gach seastán, agus ag na cúinní bhí teanntaí don bháisín, agus teilgeadh iad sin le fleasca ar a gcliatháin.
Ar dhéanamh rothaí carbaid a bhí na rothaí; teilgeadh idir fhearsaid, agus fhonsa, agus spócaí, agus mhol.
D'amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít.
Sciatháin na n‑ainmhithe ag bualadh in aghaidh a chéile agus callán na rothaí lena n‑ais, ba iad seo an clampar mór.