Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Ríthe 7:2 - An Bíobla Naofa 1981

Thóg sé Áras Chrainn Fhoraois na Liobáine; bhí sé céad banlámh ar fhad, leathchéad banlámh ar leithead, tríocha banlámh ar airde, agus é tógtha ar thrí shraith colún d'adhmad céadair le mullaí céadair ar na colúin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Do chuir sé súas mar an gcéadna tigh fhoraoise Lebanon; céad cubhad do bhí ann air fad, agus cáogad cubhad air leithead, agus tríochad cubhad air áirde, ar cheithre phéirse do philéuruibh cédair, agus saltacha cédair ar na piléuruibh.

Féach an chaibidil



1 Ríthe 7:2
8 Tagairtí Cros  

Agus rinne sé trí chéad sciath bheag d'ór ceárta, agus chuaigh trí mhíoná óir i ngach sciath, agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.


Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.


Bhí cumhdach d'adhmad céadair ar an gcuid uachtarach de chomh fada leis na cláir lastuas de na colúin (cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith).


Nuair a bhí deireadh déanta ag Solamh ag togáil Theampall an Tiarna, agus an pháláis, agus gach ar mhian leis a thógáil,


agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.


Agus rinne sé trí chéad sciath beag d'ór ceárta agus chuaigh trí chéad seicil óir i ngach sciath agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.


Do dhá chích mar dhá oisín, cúpla aon eilite.


Agus sin críoch le cosaint Iúdá. Bhí do shúil an lá sin le harmlann Áras na Foraoise.