Agus in airde orthu bhí clocha luachmhara a gearradh de réir tomhais, agus adhmad céadair.
1 Ríthe 7:10 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí a máithreacha de chlocha luachmhara, clocha móra, clocha a thomhais ocht mbanlámh nó deich. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí an bhunáit do chlochaibh mórluáigh, eadhon clocha móra, clocha do dheich ccubhaduibh, agus clocha do ocht ccubhaduibh. |
Agus in airde orthu bhí clocha luachmhara a gearradh de réir tomhais, agus adhmad céadair.
Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n‑aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór).
Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.
A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí.