Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.
1 Ríthe 6:22 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne sé an Teampall go léir a chumhdach le hór, an Teampall go léir bun barr (agus chumhdaigh sé altóir an tsanctóra istigh go léir le hór). An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dfoluigh sé an tigh uile le hór, nó gur críochnuígh sé an tigh uile: dfóluigh sé mar an gcéadna a naltóir do bhí láimh ris a noracuil le hór. |
Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.
Rinne Solamh an Teampall a chumhdach laistigh le hór fíre, agus chuir sé slabhraí óir trasna os comhair an tsanctóra agus rinneadar é a chumhdach le hór.
Cumhdaigh na frámaí d'ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d'ór.
“Déanfaidh tú altóir chun túis a loscadh uirthi; d'adhmad sitím a dhéanfaidh tú í.
Déanfaidh tú í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.