Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Ríthe 6:2 - An Bíobla Naofa 1981

An Teampall a thóg Solamh don Tiarna, bhí sé trí fichid banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus cúig bhanlámh fichead ar airde.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tigh do rinne an rígh Solumh don TIGHEARNA, do bhí trí fithchid cubhad ar fad ann, agus fithche cubhad na leithead, agus tríochad cubhad na áirde.

Féach an chaibidil



1 Ríthe 6:2
7 Tagairtí Cros  

Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil.


Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill.


Seo iad na tomhais a bhí ag Solamh do thógáil theach Dé: trí fichid banlámh ar fad - banlámh den seanchaighdeán - agus fiche banlámh ar leithead.