Bhí daichead banlámh i dtomhas an Teampaill - an halla, os comhair an tsanctóra laistigh.
1 Ríthe 6:18 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí cedair an tighe táobh a stigh grábhálta le cnapuidh agus lé bláthuibh oscuilte: do budh cédar uile é; ní bhfacus cloch ann. |
Bhí daichead banlámh i dtomhas an Teampaill - an halla, os comhair an tsanctóra laistigh.
Sa chuid is faide isteach den Teampall d'ullmhaigh sé an sanctóir istigh le áirc chonradh an Tiarna a chur ann.
Ansin rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne.
tuairgníonn siad le tuanna adhmad snoite na ndoirse agus déanann siad sceanairt díobh le casúir is le ceapoird.