Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,
1 Ríthe 3:13 - An Bíobla Naofa 1981 Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil). An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus thug mé dhuit mar an gcéadna an ní nach ar íarr tú, saidhbhrios aráon, agus onóir: iondus nach mbiáidh aon cosmhuil riot a measc na riogh ar feadh do bheatha uile. |
Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,
Thug an Tiarna cáil thar barr do Sholamh i bhfianaise Iosrael go léir, agus bhronn air ríúlacht nach raibh ag aon rí eile ar Iosrael riamh roimhe.
Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.
Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann, agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.”
duine dá dtugann Dia saibhreas agus maoin agus gradam agus gan aon ní de dhíth air dá bhféadfadh sé dúil a chur iontu ach nach ligeann Dia dó aoibhneas a bhaint astu mar gur strainséir a bhaineann aoibhneas astu; baois is ea é seo agus plá léanmhar.
Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.
Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?
Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d'iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn.