Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”
1 Ríthe 2:44 - An Bíobla Naofa 1981 Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhairt an rígh fós re Símei, Is aithnidh dhuit féin a nuile olc is fios dot chroidhe, do rinne tú rem athair Dáibhi: uime sin fillfe an TIGHEARNA holc air do cheann feín; |
Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”
Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.
Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”
Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.
Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.
“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin.
Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal; óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa, agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.
Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.
Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar bhíonn siad á chiontú seo nó á chosaint siúd.
Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.” Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil.