Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
Agus a dubhairt sisi ré Hélias, Cred é dhamhsa riotsa, a óglaich Dé? an ttáinic tú chugam do ghairm mo pheacadh chum mo chuimhne, agus do mharbhadh mo mhic?
“Cad tá le rá againn leat, a thiarna?” arsa Iúdá, “cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.”
Nuair a chonaic deartháireacha Iósaef go raibh a n‑athair marbh, dúradar: “B'fhéidir gurb amhlaidh a thabharfaidh Iósaef fuath dúinn agus cúiteamh a éileamh san urchóid go léir a rinneamar air.”
‘Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.’ Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d'athar.” Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis.
Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’
“Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”
Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: “A ghiolla Dé, deir an rí ‘Tar anuas.’ ”
Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.”
chuir seisean teachtairí chuige á rá: “Cén t‑aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus d'ordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.”
ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ‘abhlann éada’ í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht.
Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”
D'imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó.
Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”