D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.
1 Ríthe 15:18 - An Bíobla Naofa 1981 Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d'airgead agus d'ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t‑iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin do ghlac Asa ar fágbhadh dairgiod agus dór a nionnmhuisuibh thighe an TIGHEARNA, agus ionnmhus thighe an rígh, agus thug sé a láimh a sherbhíseach íad: agus do chuir an rígh Asa íad go Ben‐hadad, mhac Tabrimon, mhic Hésion, rígh na Síria, noch do bhí na chomhnuigh an Damascus, gha rádh, |
D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.
“A Thiarna Dia liom,” arsa Abrám, “cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann...
thug sé leis seoda Theampall an Tiarna agus seoda an pháláis ríoga; thug sé leis gach rud, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh.
Chuir sé isteach i dTeampall an Tiarna na tabhartais a thíolaic a athair, agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.
An t‑airgead a ofráladh mar éiric ar choir, nó mar chúiteamh i bpeaca, níor tugadh é do Theampall an Tiarna; leis na sagairt ab ea é sin.
Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d'ionsaí ar Iarúsailéim.
Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.
Chuir sé isteach i dTeampall Dé na tabhartais a thíolaic a athair agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.
Lasfaidh mé tine taobh istigh de bhallaí na Damaisce; slogfaidh sí páláis Bhein Hadad.”