Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh.
1 Ríthe 13:30 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé an corp ina uaigh féin, agus chaoineadar é á rá: “Mo bhrón! mo bhráthair.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir sé a chorp iona uáigh féin; agus do chaóidheadar ós a chionn, gha radh, A thruaighe, mo dhearbhrathair! |
Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh.
Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.
“Cén leacht é sin thall os mo chomhair?” ar sé. D'fhreagair muintir na cathrach é: “Sin é tuama an ghiolla Dé a tháinig ó Iúdá agus a thairngir na nithe sin a rinne tusa leis an altóir (i mBéitéil).”
Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’
Agus d'ardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn.