Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í.
1 Ríthe 11:11 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt an Tiarna dá bhrí sin le Solamh: “Ós mar seo atá do ghníomhartha agus nach gcomhlíonann tú mo chonradh ná mo reachtanna, a cheangail mé ort, bainfidh mé an ríocht díot go cinnte dearfa, agus bronnfaidh mé ar dhuine de do shearbhóntaí í. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin a dubhairt an TIGHEARNA re Solamh, Do bhrígh go ndéarna tusa so, agus nar comhuill tú mo chunnradhsa agus mo reachda, do aithin mé dhíot, fuaideochaidh misi go deimhin an rioghachd uáit, agus do bhéara mé dot shearbhfhoghantuigh í. |
Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í.
Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc.
Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe.
Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse.
Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.
Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.
Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór.
ní fheicfidh duine díobh an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha; ní fheicfidh duine den dream a chaith drochmheas liom é.
Mise an Tiarna a labhair. Sin í an íde a thabharfaidh mé go cinnte ar an mhuintir chlaon seo go léir a rinne comhcheilg i m'aghaidh. Anseo san fhásach seo déanfar díth orthu go dtí go dtiteann an duine deireanach marbh ann.”