“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
1 Peadar 2:16 - An Bíobla Naofa 1981 Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoráin, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoráin Dé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bíodh saoirse agaibh, ach saoirse faoi chuing Dé nach bhfuil ina leithscéal chun peacaí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) mar shaor‐dhaoine, agus gan úsáid do bhaint as bhur saoirse chum clúdach do chur ar olcas, acht mar sheirbhísigh Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar dhaóine sáora, agus ní mar an druing agá bhfuil an tsaóirse na brat foluidhthe a nuilc, achd mar shearbhfhoghantuighidh Dé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoir, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoir Dé. |
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
Mura dtiocfainn agus labhairt leo, ní bheadh peaca orthu. Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca.
fuasclaíodh sibh ó chuing an pheaca agus chuaigh sibh faoi chuing na fíréantachta.
Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.
An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.
D'fhonn is go mbeimis saor is ea a d'fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.
Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.
agus gan bheith ag súilseirbhís ar nós lucht lútála ach sibh ag déanamh toil Dé ó chroí mar a dhéanfadh seirbhísigh Chríost.
ó tá a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar chúiteamh ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag seirbhís.
Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.
Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse.
Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoráin iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daorán é.
Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.