Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Séamas 2:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Bígí ag labhairt agus ag déanamh mar dhaoine a dtabharfar breithiúnas orthu de réir dhlí na saoirse.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Labhraidh agus déanaidh gníomh mar dhaoine go dtiubharfar breitheamhnas ortha do réir dlighe na saoirse.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Go madh hamhluigh laibhéorthaói, agus go madh hamhluidh dhéunas sibh, mar an luchd ar a ndéuntar breitheamhnus tré reachd na saóirsi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse.

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 2:12
8 Tagairtí Cros  

“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;


agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.”


Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost.


Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta.


Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.


Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.


Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí