Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.
1 Peadar 1:9 - An Bíobla Naofa 1981 agus slánú bhur n‑anam á ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Gheobhaidh sibh slánú bhur n-anamacha mar thoradh ar bhur gcreideamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus slánú bhur n‐anmann d’á fhágháil agaibh mar thoradh bhur gcreidimh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus slánú bhur n-anama dá ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh. |
Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.
Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.
iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin.