Is Fearr an Umhlaíocht ná an Íobairt1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. A2 D'fhan mé go foighneach leis an Tiarna agus chrom sé chugam gur éist sé le mo ghuí. 3 Tharraing sé mé as díog na díthe, as láib an bhogaigh; chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig agus dhaingnigh mo choiscéimeanna. 4 Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu. 5 Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige. 6 Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom. 7 Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d'oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait; 8 ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm 9 go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.” 10 Rinne mé d'fhíréantacht a fhógairt sa chomhdháil mhór. Cosc níor chuir mé le mo bhéal mar is eol duit, a Thiarna. 11 Níor fholaigh mé d'fhíréantacht i mo chroí ach d'fhógair mé do chabhair dhílis; níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne ar an gcomhdháil mhór. B12 A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinne mo chaomhnú choíche. 13 Tá mórán olc i mo thimpeall, oilc gan áireamh. Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta nach bhfeicim dada; ní lia ribí mo chinn ná iad agus teipeann mo mhisneach orm. 14 Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. 15 Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach ar a bhfuil fonn mo mharaithe; go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh. 16 Go ndalltar le náire an drong a deir liom: “Há! há!” 17 Go ndéana a mbíonn ar do lorg ríméad agus gairdeas ionat. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: “Moladh leis an Tiarna!” 18 Cé gur dealbh agus gur dearóil mise déanann an Tiarna cúram díom. Is tú mo chabhair agus m'fhuascailteoir; ná moilligh, a Dhia liom. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart