1 Agus béarfaidh seachtar ban greim ar aon fhear amháin, an lá sin: “Gheobhaimid bia dúinn féin,” a déarfaidh siad, “agus cuirfimid éadaí orainn féin; ach lig dúinn d'ainm a thabhairt orainn féin, tóg dínn cúis ár náire.” Fuíoll Áir Iarúsailéim2 Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael. 3 An dream a mhairfidh de Shíón, fuíoll áir Iarúsailéim tabharfar naoimh orthu uile agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim. An Foras Nua le Teacht4 Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe, 5 tiocfaidh an Tiarna a chónaí i ngach uile chuid de Shliabh Shíón agus orthu siúd a thagann le chéile ann, ina néal agus ina dheatach de lá, agus d'oíche, ina chaor thine luisneach. Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarna ina léibheann 6 agus ina both chun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa, agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart