An Dara Oracal1 Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m'fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid. 2 Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá: “Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh. 3 Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche. 4 Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.” Mallachtaí ar Lucht Ansmachta Réamhrá5 Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin. 6 Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.” Mairg in Aghaidh na Sainte7 Nach n‑éireoidh do chreidiúnaithe go tobann? Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú? Ansin creachfaidh siad thú. 8 De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. In Aghaidh an Bhrabúis Éagóraigh9 Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint. 10 Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú; nuair a bhasc tú mórán náisiún, is é d'anam féin a chaill tú. 11 Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballa agus tugann na bíomaí freagra orthu ón gcreatlach adhmaid. In Aghaidh an Fhoréigin12 Is mairg don fhear a thógann baile le fuil agus a bhunaíonn cathair le héigeart. 13 Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha. 14 Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna mar a chlúdaíonn an t‑uisce grinneall na mara. In Aghaidh na Danarthachta15 Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht. 16 Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir. 17 Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáin agus beidh díothú na n‑ainmhithe ina ábhar scéine duit, mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. 18 Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige? In Aghaidh an Íoladhartha19 Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”; agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.” An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann. 20 Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart