Aitheasc Sholaimh1 Duine básmhar ar nós gach duine eile is ea mise freisin; shíolraigh mé ón gcéad fhear a dealbhaíodh as an luaithreach; ar feadh deich mí múnlaíodh mo cholainn i mbroinn mo mháthar, 2 i ndiaidh a dlúthú le chéile i bhfuil, ó shíol fir agus ó sháile an phósta. 3 Nuair a rugadh mé, tharraing mé isteach anáil den ghnáthaer, agus thit mé síos ar an talamh, a bhí d'aon mhianach liom féin; ar nós cách b'í an chéad fhuaim a rinne mé uaill chaointe. 4 Cuireadh i gcrios ceangail mé agus oileadh mé le togha an aireachais. 5 Ní raibh rí ar bith ann riamh a raibh a mhalairt de thosach ar a shaol. 6 Óir, níl ach an t‑aon bhealach amháin isteach sa saol seo ag cách agus an t‑aon bhealach amháin amach as mar an gcéanna. 7 Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom; rinne mé achainí agus tháinig spiorad na heagna chugam, 8 ba í mo rogha í thar shlata agus thar chathaoireacha ríoga, agus ba neamhní liom an saibhreas lena hais. 9 Níor chuir mé cloch lómhar ar aon chéim léi, mar i gcóimheas léi níl in ór an domhain ach beagán gainimh agus níl san airgead ach láib i gcomórtas léi. 10 B'ansa liom í ná an tsláinte nó an áilleacht agus b'fhearr liom í ná an solas féin mar ní mheathfaidh a loinnir go deo. 11 Mar sin féin, tháinig gach maith chugam in éineacht léi agus fuair mé saibhreas gan áireamh tríthi. 12 Bhí athas orm mar gheall orthu sin go léir, óir is í an eagna a riarann iad; ach níorbh eol dom gurbh ise a máthair. 13 Is le hintinn ghlan a d'fhoghlaim mé agus tugaim uaim gan doicheall; ní choinním a saibhreas i bhfolach. 14 Óir is stór do-ídithe do dhaoine é; agus an mhuintir a fhaigheann é snaidhmeann siad cairdeas le Dia, mar is taitneamhach leis iad de bharr na dtíolacthaí a fhaigheann siad óna teagasc. 15 Go dtuga Dia domsa labhairt mar is áil leis agus meas cóir a bheith agam ar a thabhartais; óir is é treoraí na heagna agus stiúrthóir na saoithe é. 16 Mar táimid féin agus ár mbriathra ár dtuiscint agus ár gceardaíocht uile faoina smacht. 17 Óir is é a thug eolas cruinn dom ar a bhfuil ann, ionas go dtuigfinn comhdhéanamh na cruinne agus oibriú na ndúl, 18 tosach, deireadh agus lár na n‑aimsirí, sealaíocht na ngrianstadanna agus athrú na séasúr, 19 timthriallta na mblianta agus na réaltbhuíonta, 20 dúchas na n‑ainmhithe agus iompar na mbeithíoch allta, cumhachta gaoth agus smaointe daoine, saghsanna na bplandaí agus buanna a bhfréamhacha. 21 D'fhoghlaim mé a bhfuil folaithe agus follasach, 22 mar b'í an eagna, ceardaí oilte an uile ní, a mhúin mé. Tá spiorad intleachtúil naofa san eagna, é uathúil, ildánach, grinn, aclaí, soiléir, gan smál, cinnte, domhillte, Moladh na hEagna23 dea-chroíoch, géar, do-choiscthe, dea-ghníomhach, daonnachtúil, buanseasmhach, daingean, saor ó imní, uilechumhachtach, uilebhreathnaitheach, agus é fite fuaite i ngach uile spiorad intleachtúil, glan, sárghrinn eile. 24 Is gasta í an eagna ná gach gluaiseacht eile; de bharr a glaine tá sí fite fuaite i ngach uile ní. 25 Anáil chumhachtach Dé is ea í, eisileadh fíorghlan ó ghlóir an Uilechumhachtaigh. Ar an ábhar sin, ní féidir le haon ní salach téaltú isteach inti. 26 Scáil niamhrach an tsolais shíoraí is ea í agus scáthán neamhtheimhlithe éifeachtúlacht Dé agus íomhá a mhaitheasa. 27 Níl inti féin ach aon ní amháin ach is féidir léi gach uile ní a dhéanamh; fanann sí istigh inti féin ach déanann sí gach uile ní a athbheochan. I ngach uile ghlúin téann sí a chónaí in anamacha cráifeacha agus déanann sí cairde Dé agus fáithe díobh. 28 Ní ghránn Dia dada ach an té a chónaíonn i bhfochair na heagna. 29 Is áille í ná an ghrian; is gile í ná gach uile réaltbhuíon atá ann. Má chuirtear i gcóimheas leis an solas féin í faightear níos lonraí í na é; 30 mar géilleann an solas don oíche ach ní sháraíonn an t‑olc an eagna choíche. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart