Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Eagna 6 - An Bíobla Naofa 1981A Rialtóirí na nGintlithe Lorgaigí an Eagna 1 Éistigí, mar sin, a ríthe, agus tuigigí. Foghlaimígí, a rialtóirí na dtíortha is iargúlta. 2 Tugaigí cluas, sibhse atá i gceannas ar na sluaite daoine agus atá mórálach as oll-líon bhur ngéillsineach. 3 Óir is é an Tiarna a thug an ceannas daoibh agus is ón Té is Airde a fuair sibh an flaitheas. Cuirfidh sé fiafraí ghéar ar bhur ngníomhartha agus déanfaidh sé mionscrúdú ar bhur n‑intinní. 4 Mar is sibhse riarthóirí a ríochta, ach os amhlaidh nár thug sibh breitheanna córa agus nár chomhlíon sibh an dlí, agus nár thug sibh bhur saol de réir thoil Dé, 5 tiocfaidh sé in bhur gcoinne go haduafar tobann; óir is dian í an bhreith a thugtar ar lucht an cheannais. 6 Le teann trócaire tugtar maithiúnas don íseal ach cuirfear fiafraí ghéar ar an uasal. 7 Ní chúbfaidh Tiarna na nUile roimh dhuine ar bith, ná níl beann aige ar an mustar, mar is é a chruthaigh mion agus mór agus tugann sé an aire chéanna dóibh araon. 8 Is ea! Déanfar scrúdú dian ar lucht na cumhachta. 9 Chugaibhse, mar sin, a fhlatha, mo bhriathra le súil go bhfoghlaimeoidh sibh an eagna agus nach ndéanfaidh sibh peacaí. 10 Óir naomhófar na daoine a chaomhnaíonn nithe naofa go cráifeach; agus na daoine ar múineadh dóibh iad, gheobhaidh siad cóir chosanta iontu. 11 Bíodh dúil agaibh, mar sin, i mo bhriathra; bígí ag tnúthán leo agus gheobhaidh sibh múineadh iontu. An Té a Lorgann Faigheann 12 Is niamhrach domhúchta í an eagna; na daoine a bhfuil grá acu di, tugann siad faoi deara í gan dua; agus na daoine a bhíonn á lorg, faigheann siad í go furasta. 13 Ligeann sí a haithne roimh ré leis na daoine a bhfuil dúil acu inti. 14 An té a éiríonn go moch ar a tóir ní bheidh a shaothar in aisce aige, mar gheobhaidh sé í ina suí ag a gheataí. 15 Is é barr na tuisceana é machnamh uirthi; agus an té a dhéanann faire ar a son is gairid go mbeidh sé saor ó imní. 16 Óir téann sí féin timpeall ag lorg a díol de dhaoine; agus le neart dea-mhéine taispeánann sí í féin dóibh ar na bóithre, agus gluaiseann sí faoina ndéin gach uair a smaoiníonn siad uirthi. 17 Óir is é fíorthosach an fheasa fonn foghlama. Ach músclaíonn cíocras chun foghlama grá di, 18 agus bunaíonn an grá comhlíonadh a haitheanta, agus is ionann coinneáil a haitheanta agus urraíocht ar an mbeatha shíoraí. 19 Agus céard í an bheatha shíoraí ach bheith i láthair Dé? 20 Mar sin de is dúil san eagna a threoraíonn an duine chun flaithis. 21 Dá bhrí sin, a rialtóirí ciníocha, má bhaineann sibh aoibhneas as ríchathaoireacha agus as ríshlata, tugaigí ómós don eagna chun go mbeidh sibh ag rialú go deo. Cén Ní í an Eagna Réamhrá 22 Míneoidh mé daoibh cén ní í an eagna agus conas a tháinig sí ann. Ní cheilfidh mé aon rúndiamhra oraibh; Is amhlaidh a dhéanfaidh mé a lorg óna fíorthosach amach agus cuirfidh mé eolas soiléir ar fáil ina taobh. Ní ghluaisfidh mé thar an bhfírinne, 23 agus ní mó ná sin a thaistealóidh mé i gcuideachta an éada mhífholláin, mar ní dhéanann an t‑éad aon chaidreamh leis an eagna. 24 Is slua saoithe a shlánaíonn an domhan agus ceannaire ciallmhar a dhaingníonn pobal. 25 Mar sin de, gabhaigí teagasc ó mo bhriathra agus déanfaidh sé tairbhe daoibh. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart